Wednesday, June 29, 2011

Dia Daoibh!

Caoimhín is ainm dom. Tá mé ag foghlaim Gaeilge le naoi mbliana anuas. Nuair a fuair mé amach go raibh mo bhean ag iompar, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh mo mhac a thógáil le Gaeilge. Smaoinigh mé faoi sin roimh mo bhainis agus cheannaigh mé cúpla leabhar is dlúthdhiosca:

Ag Tógail clainne le Gailge (Speaking Irish At Home) – Foras na Gaeilge
A Stór ’s A Stoirín (Songs For All Ages) - Pádraigín Ní Uallacháin & Garry Ó Briain

Níl mé liofa ar chor ar bith, ach sílim gur féidir liom é seo a dhéanamh. Nuair a bhí mé ábalta a bheith ag caint as Gaeilge roimhe seo, bhí mo chuid Gaeilge ag dul i bhfeabhas le húsáid. Anois, tá Gaeilge bhriste agam, ach b'fhéidir go bhfuil Béarla briste agam fosta.
Tá rud amháin an-deas i mo shaol: thig liom fanacht sa bhaile ar feadh 12 sheachtain le mo mhac ar FMLA. Chuaigh mo bhean ar ais ag obair tar éis 12 sheachtain fosta agus anois mo dheis-se atá ann. Labhraím i nGaeilge amháin le Liam an t-am ar fad. Tá ag éirí go maith liom agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta a bheith ag caint le chéile i nGaeilge lá éigin amach anseo.
Tá Liam seachtain is fiche d’aois inniu, agus labhair mé leis i nGaeilge amháin. Ní raibh sé ródheacair go dtí seo. Tá mé ag smaoineamh i nGaeilge arís.
Is cuma le mo theaghlachsa faoin Ghaeilge, ach cheannaigh tuismitheoirí Sarah (mo bhean) cúpla leabhar:

An chéad 100 focal gaeilge – Gill & Macmillan
An Leithéid! – Gillian Lobel & Adrienne Geoghegan
An Daid is cliste ar fad! – Ross Collins

Cheannaigh mé féin cúpla earra fosta ó rugadh Liam:
Rabhlaí Rabhlaí (leabhar & CD)
Gaschaint


D’éirigh liom é seo a fháil fosta (tá sé saor in aisce!!):
Basic Irish for Parents: A Phrase-book for Parents with children in Naonraí or in Primary School. (BunGhaeilge do Thuismitheoirí)

No comments:

Post a Comment