Bhí cúpla lá saoire agam ar na mallaibh, Lá an Altaithe agus an Nollaig, agus thug muid cuairt leis ar ár muintir. Cad é bhur dtuairim faoi Liam a bheith ag foghlaim Gaeilge?
Trí fhreagra dhifriúla:
1. Chuir m’athair céile a thuairim in iúl. Ceapann sé go bhfuil sé iontach tábhachtach daoine cúpla teanga a fhoghlaim. Is breá leisean an Spáinnis. Tá sé sin suimiúil mar níl Spáinnis agamsa ná ag mo bhean chéile ach tá an Fhraincis againn, agus is Francach bean a mhic agus labhraíonn sí as Fraincis lenár neacht.
2. Is maith le mo sheanmháthair muid a bheith ag labhairt Gaeilge le Liam.
3. Dúirt mo nia, “How do you say 'Good morning' in Irish?” mar deir siad “Good morning” i dteanga nua ar scoil gach maidin.
Sílim go bhfuil ag éirí go maith linn sna chéad sé mhí. Dála an scéil, is breá le Liam a leabhar “An Chéad 100 Focal Gaeilge”:

No comments:
Post a Comment