Tá mé ag labhairt i nGaeilge amháin le Liam an t-am ar fad le sé mhí anuas. Ceapaim go mbeidh sé ag éirí níos deacra ach tá mé ag baint suilt as. Tá mé féin ag foghlaim fosta. Tá mé ag úsáid
Rosetta Stone
gach lá; tá sé daor, ach is maith liom é. Bhí sé an-simplí ar dtús ach tá sé deacair go leor anois.
Bhí cúpla lá saoire agam ar na mallaibh,
Lá an Altaithe agus an
Nollaig, agus thug muid cuairt leis ar ár muintir. Cad é bhur dtuairim faoi Liam a bheith ag foghlaim Gaeilge?
Trí fhreagra dhifriúla:
1. Chuir m’athair céile a thuairim in iúl. Ceapann sé go bhfuil sé iontach tábhachtach daoine cúpla teanga a fhoghlaim. Is breá leisean an Spáinnis. Tá sé sin suimiúil mar níl Spáinnis agamsa ná ag mo bhean chéile ach tá an Fhraincis againn, agus is Francach bean a mhic agus labhraíonn sí as Fraincis lenár neacht.
2. Is maith le mo sheanmháthair muid a bheith ag labhairt Gaeilge le Liam.
3. Dúirt mo nia, “How do you say 'Good morning' in Irish?” mar deir siad “Good morning” i dteanga nua ar
scoil gach maidin.
Sílim go bhfuil ag éirí go maith linn sna chéad sé mhí. Dála an scéil, is breá le Liam a leabhar “
An Chéad 100 Focal Gaeilge”:

- Liam agus "An Chéad 100 Focal Gaeilge"